Ár Scéal
Tá Scoil Chartha Naofa suite in Iardheisceart Dhún na nGall.Tógadh an scoil sa bhlain 1979 nuair a rinneadh cónascadh idir scoilteacha beaga a bhí scaipthe ar fud an pharóiste.San am sin bhí 6 oide agus 225 dalta sa scoilNíl ach scoil amháin sa pharóiste agus tagann gach páiste chun na scoileFaoi lathair tá 103 dalta sa scoil chomh maith le 4 paiste ón Ucrán. Scoil 7 n-oide atá sa scoil seo – 5 oide ranga agus 2 oide Oideachas Speisialta.Tá múinteoir tacaíocht Gaeilge sa scoil Tá cúntóir teanga sa scoil (Múintearas). Is í an Ghaeilge an teanga cumarsaide atá in úsáid sa scoil.Chuir muid tús leis an tumoideachas sa bhliain 2017 nuair a chuaigh muid leis an ‘Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ‘.Agus muid páirteach sa scéim, tá na daltaí ag fail táithí ar an tumoideachas agus anois tá cur chuige lántumtha a chur i bhfeidhm ina múinfear gach réimse foghlama trí Ghaeilge. Tá an scoil pairteach i scéim DEIS.